Tuilleadh tomhasanna.
1. Ní fheictear aon bhéal air,
ach ólann sé go leor.
Is ainmhí ait é,
gan aon amhras mór.
Le fliuchadh nó le triomú
a bhíonn a cháil.
Muise, i ngach seomra folctha
a bhíonn sé le fáil.
Cén t-ainmhí é féin?
2. Is é an rud leis an rud seo,
má bhíonn agat é,
is é an chaoi a mbeidh uait
dalladh rudaí nach é.
Ach má bhíonn tú dá uireasa,
is ortsa an t-ádh;
dheamhan mórán rudaí eile
a bheas mar do ghá.
Cén rud é féin?
3. Gan éisteacht, gan fhéachaint,
ach seineann sé ceol
i gcaitheamh na gige
gan ithe, gan ól.
Le rithim rí-reathach,
níl aon ghlór aige féin,
ach is minic i bhféilte é
i gcóngar i gcéin.
Cé nó céard é féin?
Пікірлер: 12
Táim chomh dona ag rudaí mar seo 1. Spúinse 2. Addiction 3. Bhí mé chun radió a rá ach go bhfuil glór de shaghas ag raidió ... Bodhrán nó uirlis cheoil? 4. Clóscríobh/typing 5. Collaíochta
@patchy642
Жыл бұрын
A Mhaighdean! Tá tú an-ghar! Le cúnamh Dé cuirfidh mé suas na freagraí De Sathairn, agus luafaidh mé do rudaí, nár laga Dia thú.
Níl a fhios am beo idir mhagadhs dháiríre na freagraí ach is fear críonna thú bail ó dhia is ó mhuire ort
@patchy642
Жыл бұрын
Beidh tú do do chiceáil féin nuair a chluinfeas tú na freagraí, a dhalta, tá siad chomh follasach sin, ar bhealaí. Ar dúirt nó ar thaispeáin tú iad do dhuine ar bith eile, go bhfeicfidh siad?
Do you teach Irish? Italki would be lucky to have you.
@patchy642
Жыл бұрын
Yes, good idea. I'll start on there hopefully next week.
@languageoffootball
Жыл бұрын
@@patchy642 Brilliant. If that doesn’t work I’d be willing to just join a lesson with you on Zoom. All the best.
@languageoffootball
Жыл бұрын
@@patchy642 how are you getting on? Did you have any luck getting this set up?
@patchy642
Жыл бұрын
@@languageoffootball Yep, I've just got up and running on there. Feel free to book a lesson. 🌼🌸🌻⚘️🌷☘️
@languageoffootball
Жыл бұрын
@@patchy642 thanks. I will take and look and try to book something for this or next week. Once approved please put the link on here as sometimes it can be hard to find a specific teacher. GRMMA!
Mo chuid freagraí: 1. Spúinse 2. Gá (?) 3. Macalla (?)
@patchy642
Жыл бұрын
TOGHA FIR!!! Uimhir a 1, tá tú ceart! CEART AR FAD! 🌟💜🌹🍀👑🎶🎵😎 (Ach na cinn eile, níl aon mhaith déanta, mo léan.)