Gaeilge Chonamara as fear Mhaigh Eo (nó iarracht air). Gaeilge Chois Fharraige.

Go mbeannaí Dia dhaoibh!
Cén chaoi an bhfuil sibh?
Mar atá a fhios agaibh, nó ag cuid mhaith agaibh, is as Maigh Eo mise, agus, ar ndóigh, is í Gaeilge Mhaigh Eo a labhraímse, go hiondúil.
Ach inniu tá mé ag iarraidh Gaeilge Chonamara a labhairt.
Cén fáth?
Ó tharla go bhfuil mé ag iarraidh labhairt faoin leabhar seo.
Feictear domsa gurb í an leabhar is fearr le haghaidh Gaeilge a fhoghlaim atá ann, in áit ar bith.
Ach sin é an rud é, tá an leabhar seo bunaithe ar Ghaeilge Chonamara theas, áit ar a bhfuil an t-ainm Cois Fharraige, bealach An Spidéil, agus ar ndóigh, dhomsa agus do go leor daoine is Gaeilge cineál aisteach í, mar tá cineál bealaí. . .tá bealaí difriúla acu le haghaidh go leor focla a rá, agus tá focla aisteacha acu, in amanna, chomh maith.
Ach, cén dochar?
Tá a rud féin ag gach uile shórt, nach bhfuil?
Agus tá go leor. . .caithfidh mé a admháil go bhfuil go leor buntáistí ag baint leis an leagan seo Gaeilge, ó tharla go bhfuil an áit ina mbíonn sí á labhairt in aice láimhe le cathair Na Gaillimhe.
Cúpla míle siar ón gcathair, tá tú san áit sin, i gCois Fharraige.
Agus tá go leor leor cainteoirí den leagan seo ar fud an domhain, i ndáiríre.
Go leor leor acu sa mbaile, i gCois Fharraige: ar An Spidéal, ar Na Forbacha, agus céard . . .cén áit eile?
An Lochán Beag, go leor áiteacha. Go leor áiteacha ar an taobh sin tíre.
Agus chomh maith leis sin cloistear go minic iad i gcathair Na Gaillimhe, mar bíonn siad isteach agus amach go minic, mar tá sé. . .tá Cathair Na Gaillimhe in aice láimhe acu, agus tá go leor acu i Meiriceá agus i Sasana, agus go leor áiteacha ar fud an domhain, agus mar sin b'fhéidir gurb é. . . b'fhéidir gurb í an chanúint is éasca le fáil a fháil uirthi de Ghaeilge ar fad, níl a fhios agam.
Ach, sin é é, is an-áisiúil an áit í le dul ann, Cois Fharraige, má tá tú ag iarraidh Gaeilge bheo a fhoghlaim agus a chleachtadh. Cúpla nóiméad; ní bheifeá i bhfad ag dul ann, i gcarr, i mbus, nó ar rothar, nó fiú amháin ag siúlóid ó chathair Na Gaillimhe.
Chomh maith leis sin, is í an Ghaeilge chéanna a labhraítear in Árainn, go háirithe in Inis Meáin.
Mar a chéile í.
Ach, dhomsa is cineál difriúil í.
Ach, cén dochar? Tá mé in ann aithris réasúnta a dhéanamh uirthi, go minic.
Ach tá mé. . .beidh mé in ann aithris níos fearr a dhéanamh uirthi má léim píosa aisti, léifidh mé píosa as an leabhar seo.
An bhfeiceann sibh?
Tá go leor leor rudaí, tá go leor leor téama, tá go leor leor ábhar sa leabhar seo.
Foclóir, foclóir agus níos mó foclóir.
Go leor leor foclóir inti.
Tá go leor téacsanna, tá téacs ag deireadh gach uile cheacht: "Dialann", "Ag An Dochtúr", go leor leor acu.
Agus le haghaidh blas a thabhairt dhaoibh den leabhar agus den leagan cainte atá i gceist agam, piocfaidh mé amach téacs as ceacht acu.
Mar shampla, ar an leathanach. . .mar a deirtear i gCois Fharraige: "ar an leathanach. . ." ar an leathanach 42, piocfaidh mé amach an téacs seo, ar a bhfuil an t-ainm "An Fharraige" air, agus déanfaidh mé mo dhícheall canúint mhaith Chonamara theas a úsáid, anois.
Níl a fhios agam an mbeidh mé in ann é a dhéanamh go paiteanta, ach déanfaidh mé mo dhícheall.
[Sliocht as Learning Irish, an téacs "An Fharraige", ar an leathanach 42]
Sin é anois.
Píosa de Ghaeilge Chois Fharraige, as an leabhar Learning Irish, ag Mícheál Ó Siadhail, agus molaim go hard ard ard an leabhar seo, le haghaidh Gaeilge bheo a fhoghlaim agus a chleachtadh, agus is mór an feall nach bhfuil a leithéid de leabhar scríofa ar gach uile chanúint i nGaeilge, mar bheadh sé sin go breá, dá mbeadh a leithéid ann, ach ar a laghad tá ceann maith againn, faoi Ghaeilge Chois Fharraige.
Agus sin a bhfuil uaimse faoi láthair, i mo chanúint Chonamara.
Agus, go dtí an chéad lá eile, go ngnóthaí Dia dhaoibh, mar a deirtear i gConamara: go ngnóthaí Dia Dhaoibh.
Slán.

Пікірлер: 24

  • @tomasbyrom3954
    @tomasbyrom39543 ай бұрын

    Ive only just found you recently but im kind of blown away. As a student of Scots Gaelic I don't understand Irish as ive heard it spoken online. But the way you speak, with a full set of phonemes, i can understand so much more. Its like unlocking a whole new language i thiught i couldnt understand any of!

  • @dazpatreg
    @dazpatreg5 жыл бұрын

    Maith thú! Ach tabhair amach níos mó Gaeilge Thuar Mhic Éadaigh le do thoil, tá sí go géar ag teastáil ;)

  • @patchy642

    @patchy642

    5 жыл бұрын

    Déanfaidh sin, a Dhara. Is gearr go mbeidh ceann úr á dhéanamh agam, le cúnamh Dé. Gabh i leith, an mbeifeá sásta agallamh beag a dhéanamh liom, le haghaidh físeán a chrochadh ann?

  • @andaimhineach4131

    @andaimhineach4131

    4 жыл бұрын

    Aontaím leis sin - níos mo Gaeilge Mhaigh Eo, le do thoil!

  • @angreagach
    @angreagach12 күн бұрын

    Tá áthas orm a rá go raibh mé ábalta thú a thuiscint go hiomlán! (Tá súil agam go bhfuil sé sin ceart. Mura bhfuil, abair liom!)

  • @patchy642

    @patchy642

    11 күн бұрын

    Tá sé sin go hiomlán ceart, nár laga Dia thú.

  • @angreagach

    @angreagach

    11 күн бұрын

    @@patchy642 Go raibh maith agat!

  • @mollymcnaughton3133

    @mollymcnaughton3133

    11 күн бұрын

    I'm grateful I ran across your channel. Go raibh maith agat.

  • @andaimhineach4131
    @andaimhineach41314 жыл бұрын

    Níos mo de ghlór na Gaeilge Mhaigh Eo, le do thoil!

  • @BridMhor
    @BridMhor5 жыл бұрын

    An-mhaith ar fad, a mhac. Antaíom leat tá an leabhar sin iontach.

  • @patchy642

    @patchy642

    5 жыл бұрын

    Nár laga Dia thú, a Bhríd. Céard a cheap tú faoi m'iarracht ar an gcanúint se'agaibhse? Ar fhan mé i bhfad ón marc?

  • @BridMhor

    @BridMhor

    5 жыл бұрын

    @@patchy642 Mar a deir mé, rinne tú jab iontach dhó.

  • @filthyuncleben2645
    @filthyuncleben26455 жыл бұрын

    gaeilge chorcha dhuibhne an ceann is fearr liomsa

  • @mdsmokedancer
    @mdsmokedancer5 жыл бұрын

    I wish you would do video lessons on the Cois fhairrge dialect?

  • @Lillyoak1
    @Lillyoak15 жыл бұрын

    Ar fheabhas

  • @imperatorscotorum6334
    @imperatorscotorum63345 жыл бұрын

    Ar feabhas Patchy. An mbeidh tú ag iarraidh Gaeilge a labhairt as na canúintí eile, mar shampla Dún na nGall nó Chiarraí?

  • @neebeeshaabookwayg6027

    @neebeeshaabookwayg6027

    9 ай бұрын

    I am learning ulster irish, too... I hope he does some reading, from that dialect, too, sometime ❤ ..he is great help, in so many ways!!

  • @andaimhineach4131
    @andaimhineach41313 жыл бұрын

    Ab as Tuair Mhic Éadaí thú?

  • @AtlantaBill
    @AtlantaBill5 жыл бұрын

    D'úsáid mo ghrúpa, a bhí mar chuid den Ceóltas Ceoltóirí hÉireann, an leabhar gramadaí den Ó Siadhail. Oiread agus is atá an leabhair seo mearbhall iná oideolaíocht, tá sé scoláireach agus an-mhionsonraithe. An mbeadh sé i bhfad ró-chúraim duit fotheidil Ghaeilge a dhéanamh ar do chuid físeáin? Bheadh sé sin cabhrú linn.

  • @patchy642

    @patchy642

    5 жыл бұрын

    Is smaoineamh maith é, a dhuine chóir. Beidh mé ag tabhairt faoi sin go gairid, le cúnamh Dé. Nár laga Dia thú.

  • @patchy642

    @patchy642

    5 жыл бұрын

    Déanta.

  • @AtlantaBill

    @AtlantaBill

    5 жыл бұрын

    @@patchy642 Go raibh maith agat as do chuid iarrachtaí uile.

  • @neebeeshaabookwayg6027

    @neebeeshaabookwayg6027

    9 ай бұрын

    ​​@@patchy642----- wonderful!!!!! I just saw the other post, of someone asking for the irish words!!!! I am very grateful 🙏 🙂 ❤ ... you are a good patient man, patchy!! God bless you!!! God is great, good, and wonderful!!

  • @neebeeshaabookwayg6027
    @neebeeshaabookwayg60279 ай бұрын

    ¡Guau! ❤ go raibh MILE maith agat , for the printed script, to go with your words!! It is great help for me!! Ps--Tá an leabhar agam cheana féin🤗📔... grmma, arís!!!